Scoláireachtaí Gaeltachta
Bronntar scoláireachtaí ar dheagóirí idir bhuachaillí agus cailíní, chun freastal ar chursaí Gaeilge trí seachtaine sa Ghaeltacht ina gcuirtear béim ar scileanna peile is iománaíochta. Bíonn na cúrsaí seo á reachtáil ag Coláistí Chorca Dhuibhne i gCiarraí, Coláiste na Rinne i bPort Láirge agus Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i gCorcaigh.

Tá an scéim seo i gcomhpháirtíocht leis na Boird Chontaetha, Comhairle na Mumhan agus na Coláistí Gaeilge. Tugann Comhairle na Mumhan scoláireachtaí amach do dhéagóirí chun freastal ar na cúrsaí seo. Seolann an Cathaoirleach an Scéim go hoifigiúil ag cluiche mór - Craobh Cluiche na Mumhan - gach bliain. Tá an Coiste thar a bheith sásta leis an slí a reachtáltar na cúrsaí agus tá an-áthas orainn go bhfuil breis forbartha a dhéanamh ar na cluichí. Bronnann Cathaoirleach Chomhairle na Mumhan an Fáinne agus Teastais ar na micléinn a fhreastlaíonn ar an gcúrsa speisialta i gColáiste Chorca Dhuibhne i mí Lúnasa.

Tugann Cathaoirleach agus Rúnaí an Choiste Cultúrtha cuairt ar na cúrsaí i mBéal Átha ‘n Ghaorthaidh, i gCorca Dhuibhne agus sa Rinn gach bliain.

Sa bhliain 2010 sheol Críostóir Ó Cuana, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, cúrsa píolótach i bhforbairt scileanna na gcluichí Gaelacha i gColáiste na Rinne.

Tá sé i gceist ag an gColáiste, i dtaca le C.L.G. Phort Láirge, Cúrsa Oiliúna a chur ar siúl i bhforbairt scileanna san iomáint, sa chamógaíocht, sa pheil, i bpeil na mban, sa liathróid láimhe agus sa chorr, do scoláirí ar na cúrsaí samhraidh.

Mairfidh an Cúrsa Oiliúna seo ar feadh trí sheachtain an chúrsa shamhraidh agus is ar scoláirí an chúrsa - idir deich mbliana agus naoi mbliana déag - a bheidh sé dírithe.
Díreofar ar scileanna na gcluichí a mhúineadh agus a fheabhsú i measc na scoláirí. Is trí mheán na Gaeilge, ar ndóigh, a reachtálfar an Cúrsa Oiliúna agus, chuige seo, bainfear leas as oiliúnóirí cáilithe ón gceantar, chomh maith le foireann an choláiste féin.

Tá sé i gceist go mbeidh sé ina chuid lárnach de Chúrsaí Samhraidh sa Choláiste feasta.